Cas ar PhleanálaíCas ar Phleanálaí

Is slí bheatha iontach í an phleanáil agus má tá spéis ar bith agat i stiúradh na caoi a n-oibríonn ár saol, mholfainn do dhaoine dul leis an bpleanáil. Tá méadú ag teacht ar an ngá atá le daoine a bhfuil scileanna éagsúla acu, mar sin má tá suim agat san eolaíocht nó sa tíreolaíocht, san éiceolaíocht, sa bhithéagsúlacht, san uisce, san iompar, i ndearadh uirbeach, san ailtireacht, san innealtóireacht, tá áit ann duit sa phleanáil. Tá réimse leathan deiseanna fostaíochta ar fáil ar fud na tíre... Olwyn James, Bainisteoir Pleanála Tionscadail, Uisce Éireann

Michael

Teideal an Phoist: Pleanálaí Iarchéime
Áit Oibre: Comhairle Contae Chill Mhantáin
Oideachas/Oiliúint: Bunchéim: Léann na Luath-Ghaeilge agus na Nua-Ghaeilge (BA) Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Iarchéim: Pleanáil Réigiúnach agus Uirbeach (Máistreacht) COBÁC.

D’fhás mé aníos le linn an Tíogair Cheiltigh agus chonaic mé athruithe suntasacha sa timpeallacht thógtha i mo bhaile dúchais. Bhí mé fiosrach mar gheall air sin agus bhí mé ag iarraidh an próiseas pleanála a thuiscint. Rinne mé staidéar ar an Luath-Ghaeilge agus an Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide sular chinn mé tabhairt faoi ghairm sa phleanáil, agus ina dhiaidh sin chláraigh mé sa Mháistreacht dhá bhliain sa Phleanáil Réigiúnach agus Uirbeach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Thosaigh mé mo ghairm san earnáil phríobháideach ag obair i sainchomhairleoireacht phleanála. Tá mé ag obair faoi láthair mar Phleanálaí Iarchéime i gComhairle Contae Chill Mhantáin. Is í an leid is fearr a bheadh agam do phleanálaithe na todhchaí ná an ghníomhaíocht phleanála a leanúint i do cheantar áitiúil in éineacht le do chuid staidéir, nó roimh ré. Nuair a fhéachfaidh tú ar dhoiciméid le haghaidh iarratas pleanála agus nuair a leanfaidh tú an próiseas a bhaineann le plean forbartha a dhéanamh, gheobhaidh tú tuiscint ar a bhfuil i gceist leis an bpost.

Lauren Butler Ryan

Lauren

Teideal an Phoist: Pleanálaí Cúnta
Áit Oibre: Comhairle Contae Thiobraid Árann
Oideachas/Oiliúint: Bunchéim: Eacnamaíocht agus Tíreolaíocht (BA) Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Iarchéim: Pleanáil agus Forbairt Inbhuanaithe (Máistreacht) Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

D’fhorbair mo spéis sa phleanáil le linn mo thréimhse sa mheánscoil. Bhí múinteoir tíreolaíochta an-spreagúil agam agus chuir mé níos mó spéise sa timpeallacht thógtha agus sa chomhfhorbairt áite. Bhí a fhios agam i gcónaí nach raibh mé ag iarraidh an gnáthphost de chineál oifige le hidirghníomhaíocht phearsanta theoranta toisc go raibh ról ina mbeinn ag obair le grúpaí éagsúla daoine an-tábhachtach dom agus is cuid mhór é sin de bheith i mo phleanálaí. Fuair mé mo chuid oideachais tríú leibhéal i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, áit ar chuir mé BA san Eacnamaíocht agus sa Tíreolaíocht agus ansin Máistreacht sa Phleanáil agus Forbairt Inbhuanaithe i gcrích. Nuair a bhain mé céim amach d’oibrigh mé ar dtús mar Phleanálaí faoi Oiliúint agus ansin mar Phleanálaí Iarchéime le Comhairle Contae Cheatharlach sular ghlac mé leis an bpost mar Phleanálaí Cúnta le Comhairle Contae Thiobraid Árann. Is í an chomhairle is fearr atá agam do phleanálaithe ná bígí cróga agus tapaígí gach deis. Tá an phleanáil, fearacht aon ghairm bheatha, dúshlánach, ach, tá sé spreagúil agus sásúil.

Dara Keane

Dara

Teideal an Phoist: Pleanálaí Iarchéime
Áit Oibre: Comhairle Contae Chill Mhantáin
Oideachas/Oiliúint: Bunchéim: BSc (Onóracha) sa Phleanáil agus Bainistíocht Chomhshaoil OT Bhaile Átha Cliath

Bhí suim ghinearálta agam i gcónaí sa phleanáil agus sa timpeallacht thógtha, ach ba é comhrá a bhí agam le cara teaghlaigh, ar pleanálaí gairmiúil é, a d’ardaigh m’fheasacht ar an bpleanáil mar shlí bheatha fhéideartha. Tá an fhéidearthacht tionchar a imirt ar an réiteach ar fhíorfhadhbanna an domhain ar cheann de na príomhchúiseanna a roghnaigh mé staidéar a dhéanamh ar an bpleanáil. Chríochnaigh mé mo bhunchéim sa Phleanáil Spásúlachta in OT Bhaile Átha Cliath in 2022. Le linn mo chuid staidéir bhí mé in ann tuiscint a fháil ar an bpleanáil spásúlachta ar bhonn teoiriciúil agus praiticiúil. Tá mé ag obair faoi láthair mar Phleanálaí Iarchéime i gComhairle Contae Chill Mhantáin. Is í an leid is fearr a bheadh agam do phleanálaithe na todhchaí ná a bheith ag líonrú, ag taisteal agus a bheith oscailte don bhreisoideachas agus don fhoghlaim le linn do ghairme.

Fiona Redmond

Fiona

Teideal an Phoist: Pleanálaí Cúnta
Áit Oibre: Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath
Theas Oideachas/Oiliúint: Bunchéim: Pleanáil Chathrach agus Beartas Comhshaoil (BSc) COBÁC Iarchéim: Pleanáil Réigiúnach agus Uirbeach (Máistreacht) COBÁC

Bhí suim agam riamh sa phleanáil, agus sa cheangal idir tíreolaíocht dhaonna agus forbairt uirbeach. Thug sé seo spreagadh dom aghaidh a thabhairt ar ghairm sa phleanáil. Chuir mé tús le mo chuid staidéir phleanála le Céim Baitsiléara sa Phleanáil sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus Céim Máistir sa Phleanáil Réigiúnach agus Uirbeach san ollscoil chéanna ina dhiaidh sin. Chuir mé tús le mo ghairm san earnáil phríobháideach, ag obair mar Phleanálaí Iarchéime, agus tar éis dom taithí luachmhar a fháil, chuaigh mé ar aghaidh chuig mo ról reatha mar Phleanálaí Cúnta le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas. Is í an leid is fearr a bheadh agam do phleanálaithe na todhchaí ná glacadh le comhoibriú agus cumarsáid thras-rannach, caidreamh láidir a chothú le do chomhghleacaithe agus luach a chur ar pheirspictíochtaí agus disciplíní éagsúla, chomh maith le saineolas éagsúil, chun cinnteoireacht chothrom, éifeachtach a chinntiú.

Rachel O'Callaghan

Rachel

Teideal an Phoist: Pleanálaí Iarchéime
Áit Oibre: Comhairle Contae Chorcaí
Oideachas/Oiliúint: Bunchéim: Tíreolaíocht agus Eacnamaíocht (BA) Coláiste na hOllscoile, Corcaigh Iarchéim: Pleanáil agus Forbairt Inbhuanaithe (MPlan) Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Tá suim mhór agam sa chaoi a ndéantar spásanna a chlaochlú ina n-áiteanna. Cuireann cruthú áiteanna agus an tionchar a bhíonn ag an réimse phoiblí ar shaintréithe agus ar bheocht fhoriomlán na suíomhanna seo iontas orm i gcónaí. Díreach tar éis dom mo BA sa Tíreolaíocht agus san Eacnamaíocht a chríochnú i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, thosaigh mé ar Mháistreacht sa Phleanáil agus Forbairt Inbhuanaithe. Le linn dom a bheith i mbun staidéir i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, bhí deis agam a bheith ag obair in Aonad Oidhreachta Chomhairle Contae Chorcaí, thar cheithre shamhradh, agus d’oibrigh mé in éineacht le go leor pleanálaithe. Thug sé sin taithí luachmhar dom agus chabhraigh sé liom tábhacht na hoibre foirne a aithint agus cé chomh hidirnasctha agus atá disciplíní éagsúla, go háirithe i saol na pleanála. Tá mé ag obair faoi láthair mar Phleanálaí Iarchéime le Comhairle Contae Chorcaí. Is í an leid is fearr a bheadh agam do phleanálaithe na todhchaí ná iniúchadh a dhéanamh ar chodanna éagsúla den domhan chun tuiscint a fháil ar chleachtais phleanála ar fud na cruinne.

Shoaib Khan

Shoaib

Teideal an Phoist: Pleanálaí Cúnta
Áit Oibre: Comhairle Contae na Mí
Oideachas/Oiliúint: Bunchéim:BSc (Onóracha) sa Phleanáil agus Bainistíocht Chomhshaoil OT Bhaile Átha Cliath

Bhí suim agam staidéar a dhéanamh ar an bpleanáil spásúlachta ar feadh tamaill sular dhírigh mé go hiomlán uirthi. Rinne mé roinnt taighde agus chabhraigh sé sin liom tuiscint a fháil ar an gcaoi a gcuireann pleanálaithe go mór leis an gcaoi a bhforbraítear ceantar le himeacht ama lena gcuid ionchuir i ndéanamh beartas agus i gcinnteoireacht. Rinne mé staidéar ar an bpleanáil agus ar an mbainistíocht chomhshaoil in OT Bhaile Átha Cliath. Is cúrsa fochéime é a rinne mé thar cheithre bliana le dámhachtain Baitsiléara Eolaíochta ar leibhéal 8. Nuair a bhain mé céim amach d’oibrigh mé mar phleanálaí comhshaoil iarchéime le gnólacht idirnáisiúnta an-cháiliúil. Cé go raibh grúpa mór i mo rang, tairgeadh poist don chuid is mó de na mic léinn díreach tar éis dóibh céim a bhaint amach. Tá mé ag obair faoi láthair mar Phleanálaí Cúnta le Comhairle Contae na Mí. Sháraigh mo shlí bheatha sa phleanáil go dtí seo mo chuid ionchas maidir le dul chun cinn, fás agus sástacht. Is í an leid is fearr a bheadh agam do phleanálaithe na todhchaí ná a bheith dóchasach, cruthaitheach agus solúbtha.

Andrew Corcoran

Andrew

Teideal an Phoist: Pleanálaí Iarchéime
Áit Oibre: Chomhairle Contae Fhine Gall
Oideachas/Oiliúint: Bunchéim: Mínealaín Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Iarchéim: Pleanáil Réigiúnach agus Uirbeach (Máistreacht) COBÁC

Bhí suim agam i gcónaí i spás agus i bhfoirgnimh, ach fuair mé amach, trí mo chomhairle áitiúil, go bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis an bpleanáil agus go bhfuil ról mór aige i múnlú ár bpobal. Rinne mé taighde ar an bpleanáil mar ghairm bheatha, agus thuig mé an réimse leathan deiseanna atá ann do chéimithe pleanála. Rinne mé staidéar ar an mínealaín i gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha mar bhunchéim, agus ansin rinne mé an cúrsa dhá bhliain MRUP in COBÁC. Tar éis dom céim a bhaint amach, d’oibrigh mé i gcleachtas príobháideach, sular ghlac mé leis an ról reatha atá agam san earnáil phoiblí. Tá mé ag obair faoi láthair mar Phleanálaí Iarchéime le Comhairle Contae Fhine Gall. Is í an chomhairle is fearr a bheadh agam do phleanálaithe na todhchaí ná intinn oscailte a bheith agat maidir le do shlí bheatha. Tá sé an-mhaith taithí a fháil ar an bpleanáil ón dá thaobh (an earnáil phríobháideach agus earnáil phoiblí). Tá an taithí a fhaigheann tú san obair an-difriúil leis an taithí a fhaigheann tú sa choláiste ach ar bhealach maith!

Padraiag O'Donoghue

Padraig

Teideal an Phoist: Pleanálaí Cúnta
Áit Oibre: Comhairle Contae Chiarraí
Oideachas/Oiliúint: Bunchéim: GTíreolaíocht agus Béarla (BA) Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Iarchéim: Pleanáil agus Forbairt Inbhuanaithe (Máistreacht) Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Chuir mé spéis i dtosach sa phleanáil mar fhochéimí agus mé ag déanamh staidéir ar thíreolaíocht i Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Bhí suim agam i gcónaí sa timpeallacht agus an bealach a bhféadfadh an phleanáil beocht na gceantar tuaithe a fheabhsú go háirithe. Bhí suim mhór agam sa ghéarchéim tithíochta freisin, agus ba fhachtóir mór é sin nuair a roghnaigh mé gairm i réimse na pleanála. Bhain mé amach Baitsiléir Ealaíon (comhchéim onóracha) i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, áit a ndearna mé staidéar ar an Tíreolaíocht agus ar an mBéarla. Ina dhiaidh sin, chríochnaigh mé an Mháistreacht sa Phleanáil agus Forbairt Inbhuanaithe i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. D’oibrigh mé i gcleachtas príobháideach ar dtús ach tá mé ag obair faoi láthair mar Phleanálaí Cúnta le Comhairle Contae Chiarraí. Is í an leid is fearr a bheadh agam do phleanálaithe na todhchaí ná bailígí an oiread eolais agus faighigí an oiread taithí agus is féidir. Tá go leor speisialtachtaí ag baint leis an bpleanáil agus bíonn sé ag bogadh ar aghaidh i gcónaí agus mar sin tá sé cabhrach intinn oscailte a bheith agat.

Laura Hederman

Laura

Teideal an Phoist: Clár do Phleanálaithe Iarchéime
Áit Oibre: Uisce Éireann
Oideachas/Oiliúint: Bunchéim: BSc (Onóracha) sa Phleanáil agus Bainistíocht Chomhshaoil OT Bhaile Átha Cliath

D’eascair mo spéis sa phleanáil as an ngrá a bhí agam don tíreolaíocht sa mheánscoil. Bhí mé paiseanta faoin timpeallacht thógtha agus nádúrtha agus theastaigh uaim dul i mbun gairme a bhí ag teacht le mo chuid spéiseanna. Rinne mé staidéar ar BSc sa Phleanáil Spásúlachta in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Chríochnaigh mé mo shocrúchán oibre mar mhac léinn le Tionól Réigiúnach an Deiscirt agus tá mé ar ‘Chlár Iarchéime Tras-Thionscail’ Uisce Éireann faoi láthair. Is í an leid is fearr a bheadh agam do phleanálaithe na todhchaí ná oibriú i gcomhar le daoine ar fud na hearnála agus caidreamh agus líonra a thógáil le do chomhghleacaithe. Tá an obair i réimse na pleanála spreagúil agus tá deiseanna gan teorainn ar fáil le bheith ag obair i réimsí éagsúla.