Eolas maidir le Gearáin
Cuireann OPR meicníocht chóir agus neamhspleách ar fáil trínar féidir le baill den phobal gearáin a dhéanamh a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthraíonn údaráis áitiúla (i.e. comhairlí cathrach agus contae) in Éirinn.
Ach tá sé tábhachtach a thuiscint nach féidir linn imscrúdú a dhéanamh ach ar chineálacha áirithe de ghearáin. Níl sé de chuspóir againn athbhreithniú a dhéanamh ar chásanna pleanála aonair ach scrúdú a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais pleanála i gcoitinne.
Cén ghearáin a dhéanann OPR a mheas?
Faoin reachtaíocht, ní féidir le OPR scrúdú a dhéanamh ach ar ghearáin faoi údaráis áitiúla a bhaineann le heagrú foriomlán an údaráis agus na córais agus na nósanna imeachta a úsáideann sé nuair atá á fheidhmeanna pleanála á gcur i bhfeidhm aige.
Ba chóir go mbeadh na gearáin ag baint le:
- Sáruithe rialta / arís agus arís eile ar oibleagáid údaráis a fheidhmeanna pleanála a chur i gcrích i gcomhréir le reachtaíocht agus / nó riachtanais sa bheartas náisiúnta.
- Teipeanna suntasacha i nósanna imeachta riaracháin cearta a dtarlaíonn díbharainneachtaí agus neamhéifeachtaí tromchúiseacha i seachadadh seirbhísí pleanála don phobal i gcoitinne dá bharr.
- Leithcheal tromchúiseach nó riosca caimiléireachta a bheith ann.

Cén ghearáin nach ndéanann OPR a mheas?
Ní dhéanfaidh OPR gearáin a mheas:
- A bhaineann le cinnteoireacht údarás i gcásanna aonair a bhaineann le ceadanna pleanála a bhronnadh nó a dhiúltú nó cúrsaí forfheidhmithe.
- Más rud é nach bhfuil bearta réasúnta déanta ar dtús chun an gearán a dhéanamh leis an údarás pleanála cuí nó chun aon nósanna imeachta achomhairc nó athbhreithnithe atá ar fáil a leanúint.
- A bhaineann leis an mBord Pleanála.
- Má tá imeachtaí dlí tosaithe cheana.
- Má tá siad á meas cheana ag comhlacht cuí eile.
Sula ndéanfaidh tú gearán
Sula ndéanfaidh tú teagmháil linn, ba chóir duit iarracht a dhéanamh ar dtús do ghearán a réiteach leis an údarás cuí trí mheicníochtaí foirmiúla athbhreithnithe nó trí nós imeachta gearán inmheánach féin.
Gearán a dhéanamh
Má mhothaíonn tú go mbaineann do ghearán le OPR agus gur mhaith leat gearán a dhéanamh, bain úsáid as ár
Is féidir leat gearán a dhéanamh tríd an bpost freisin chuig:
Oifig an Rialaitheora Pleanála
Teach na Páirce,
Gráinseach Ghormáin,
191-193A An Cuarbhóthar Thuaidh,
Baile Átha Cliath 7
D07 EWV4
Más mian leat labhairt linn faoi ghearán, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ar 01 553 0207
Ach ní mór dúinn gearán a fháil i scríbhinn sular féidir linn é a mheas.
Cad a tharlaíonn nuair a dhéanaim gearán?
Ar dtús measfaidh OPR an bhfuil an gearán iomchuí dúinne. Cuirfimid ar an eolas láithreach thú más rud é gur féidir linn plé le do ghearán.
Tá sé d’aidhm againn gearáin a admháil laistigh de chúig lá oibre ón dáta ar a fhaightear iad.