Clár Athbhreithnithe

Le Caibidil IV (‘Athbhreithniú ar Fheidhmeanna Pleanála’) de Chuid IIB den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, tugtar cumhacht do OPR athbhreithnithe a dhéanamh ar na córais agus na nósanna imeachta a úsáideann údaráis áitiúla agus an Bord Pleanála chun a bhfeidhmeanna pleanála a chomhlíonadh. Faoi alt 31AS den Acht, féadfaidh an Oifig athbhreithnithe a dhéanamh agus faoi alt 31AT, féadfaidh an tAire iarraidh ar OPR athbhreithniú a dhéanamh.


Leis na forálacha sin, tugtar bonn do OPR chun maoirseacht a dhéanamh ar sholáthar éifeachtach na seirbhísí pleanála don phobal agus, ar an dóigh sin, neartaítear socruithe institiúideacha go suntasach chun feidhmiú cuí agus sláine an chórais pleanála a chinntiú.


Tá próiseas athbhreithnithe aonair ar bith cuimsitheach, ag glacadh roinnt míonna lena chur i gcrích, a bhfuil próisis shuntasacha bailithe faisnéise, anailíse agus rannpháirtíochta le hoifigigh phleanála i gceist leis chun na córais agus na nósanna imeachta a úsáidtear le feidhmeanna pleanála a sheachadadh a bhreithmheas go hiomlán.


De thoradh na n-athbhreithnithe sin, leagann an Oifig béim ar shainaithint an dea-chleachtais agus éachtaí agus ar chur chun cinn na foghlama idir eagraíochtaí. Lena chois sin, díríonn sí aird ar réimsí ar bith a d’fhéadfaí a fheabhsú. Is é an cuspóir ginearálta cultúr feabhsaithe leanúnaigh a leabú in earnáil pleanála na hÉireann.

Faoi mar atá geallta inár Ráiteas Straitéise, tá an Oifig ag tabhairt faoi athbhreithnithe pleanála ar údaráis áitiúla mar chlár rollach. Scrúdóidh OPR an chaoi a soláthraíonn údaráis áitiúla a gcuid seirbhísí pleanála, rud a rachaidh chun leasa do na húdaráis sin. Ligeann sé sin do OPR monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht ghinearálta earnáil pleanála na n-údarás áitiúil agus réimsí a d’fhéadfaí a fheabhsú, agus foghlaim chomhroinnte, a shainaithint sna 31 údarás áitiúil go léir.

Beartaítear go mbeidh an clár ina acmhainn forbartha don chóras pleanála. Tiocfaidh moltaí chun cinn ón bpróiseas a chuirfidh feabhas ar sholáthar seirbhísí don phobal.

Tá cur i bhfeidhm mholtaí OPR ríthábhachtach chun sláine an phróisis a chinntiú. Leanann an Oifig uirthi ag plé leis an uile údarás áitiúil i ndiaidh di gach athbhreithniú a chur i gcrích. Téann OPR i mbun plé leis an uile údarás gach sé mhí lena chinntiú go bhfuil moltaí an athbhreithnithe á gcur i bhfeidhm mar is ceart.

Athbhreithnithe a cuireadh i gcrích

Tugadh faoi threoirchéim de chlár athbhreithnithe na n-údarás áitiúil idir 2021 agus 2022 inar cuireadh ceithre athbhreithniú pleanála i gcrích, mar atá, Comhairle Contae Thiobraid Árann, Comhairle Contae Lú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Contae Chill Dara.

Reáchtáladh an próiseas athbhreithnithe ar bhonn trialach tríd an gcéad ghrúpa sin d’údaráis áitiúla. Maidir leis an ngrúpa sin, ba shampla ionadaíoch den chéad scoth é de chomhthéacsanna pleanála náisiúnta, ina raibh meascán de shaintréithe agus de scála i láithreacha réigiúnacha.

Tá an clár á leathadh amach fós ag an Oifig in 2023 agus beidh sé á leathadh amach aici ina dhiaidh sin freisin.

Tá freagracht reachtúil ar OPR freisin as athbhreithniú a dhéanamh ar na córais agus na nósanna imeachta a úsáideann an Bord Pleanála le linn a fheidhmeanna pleanála a chomhlíonadh.

I bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá aige in uachtar an chórais pleanála, agus scála na bhfeidhmeanna a bhaineann leis an ról sin, meastar go mbainfidh an Bord Pleanála tairbhe as cur chuige ina ndéanfar athbhreithnithe a sceidealú ar bhonn athfhillteach, i dteannta mhórchlár athbhreithnithe ilbhliantúil na n-údarás áitiúil. Dá bharr sin beifear in ann athbhreithniú céimnitheach a dhéanamh ar mhodúil scoite go rialta, ina dtabharfar aghaidh ar réimsí éagsúla feidhmíochta.

Rinne OPR maoirseacht ar phróiseas athbhreithnithe tosaigh i ndáil le feidhmiú an Bhoird Pleanála le linn 2022. Bhí dhá chéim i gceist leis sin agus fuarthas cabhair ó shaineolaithe seachtracha a bhfuil taithí acu. Bhí béim san athbhreithniú ar iniúchadh a dhéanamh ar stóinseacht agus éifeachtacht na gcleachtas cinnteoireachta, ar eagrú na hoibre, ar shocruithe rialachais agus ar láimhseáil cáschomhad, chomh maith le tuairisciú a dhéanamh ar cheisteanna struchtúrtha ábhartha ní ba leithne.

Cuireadh dhá thuarascáil ar leith i dtoll a chéile de thairbhe an phróisis sin inar sonraíodh 34 moladh fadréimseach. I measc na moltaí seo tá bearta a dearadh chun acmhainn a fheabhsú cinntí tráthúla stóinseachta a sheachadadh, bainistíocht chorparáideach a fheabhsú agus socruithe a fheabhsú le haghaidh rialachas inmheánach agus trédhearcacht i nósanna imeachta. Coinneoidh an Oifig uirthi i mbun comhoibriú leis an mBord Pleanála i rith 2023 agus dá éis sin, lena chinntiú go gcuirfear moltaí an athbhreithnithe i bhfeidhm.

Athbhreithnithe ar Údaráis Áitiúla: Modheolaíocht

Ar mhaithe le struchtúr agus treoir a thabhairt don chlár, leagadh modheolaíocht amach in 2020 maidir le hathbhreithnithe a dhéanamh ar údaráis áitiúla. Cuireadh an mhodheolaíocht le chéile i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, leis an gCoimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta, le hionadaithe ó earnáil an rialtais áitiúil, leis an mBord Pleanála, leis na forais náisiúnta phleanála agus le páirtithe leasmhara i gcoitinne. Nuashonraítear an mhodheolaíocht ar bhonn leanúnach de réir mar a fhoghlaimítear ceachtanna le linn an clár iomlán a chur i bhfeidhm.

Maidir le hathbhreithnithe OPR, déantar na córais agus na nósanna imeachta a úsáideann údaráis áitiúla a mheas iontu i gcomhthéacs roinnt príomhréimsí de sholáthar reachtúil na seirbhísí pleanála. Déanfaidh an Oifig anailís ar an bhfeidhmíocht faoi na ceannteidil sin; bainfidh sí leas as réimse fianaise a bheidh ar fáil agus as faisnéis agus as tuarascálacha arna soláthar ag an údarás áitiúil a bheidh á athbhreithniú. Ina theannta sin, déanfaidh an Oifig obair allamuigh; tabharfaidh sí cuairt ar oifigí an údaráis áitiúil agus pléifidh sí le foireann na rannóige pleanála trí cheardlanna.