Foilsíonn an Rialaitheoir Tuarascáil Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge

Fuarthas i dtuarascáil a d’fhoilsigh Oifig an Rialaitheora Pleanála (OPR) ar an 19 Meán Fómhair 2023 go bhfuil Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ag seachadadh a príomhfheidhmeanna pleanála go héifeachtach.

Is é seo an chéad uair a rinne an OPR athbhreithniú ar na córais agus na nósanna imeachta atá in úsáid ag roinn pleanála Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge. Déantar breithniú sa tuarascáil ar fheidhmíocht na Comhairle thar réimse feidhmeanna agus déantar deich moladh maidir le conas is féidir an leibhéil seirbhíse atá ann cheana a choinneáil agus a fheabhsú.

Ag labhairt ar an tuarascáil, dúirt an Rialaitheoir Pleanála, Niall Cussen:

“Is príomhshócmhainn é Port Láirge d’Éirinn ó thaobh a suímh de, a cumas dul san iomaíocht go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta mar aon lena cumas chun cuid de na treochtaí forbartha atá chun tosaigh le blianta beaga anuas a fhás agus a athchothromú. Tá éachtaí suntasacha bainte amach ag an gComhairle le tamall anuas, lena n-áirítear Glasbhealach iontach Phort Láirge agus an maoiniú is mó riamh a ghiaráil do thionscadal athghiniúna suaitheanta na gCéanna Thuaidh. Ba mhaith liom tógáil ar an bhfuinneamh seo chun cur níos mó leis na deiseanna a bheidh ag teacht aníos do Phort Láirge sa tréimhse amach romhainn”.

Moladh uileghabhálach a eascraíonn as an athbhreithniú is ea ná go ndéanfadh an Chomhairle dóthain machnaimh ar riachtanais acmhainní níos fadtéarmaí de chuid na roinne pleanála. Cé go bhfuil éachtaí bainte amach ag an gComhairle ar chóir dóibh a bheith bródúil astu, tá an roinn pleanála ag seachadadh agus í faoi bhrú suntasach ó thaobh acmhainní de.

Ag labhairt ar an ngá le hacmhainní breise, lean an tUasal Cussen air ag rá:

“Ní mór a aithint go gcaithfear ról beartaithe Phort Láirge mar réigiúin a chuireann an oirdheisceart chun cinn a éascú trí roinn pleanála neartaithe. Ba mhaith leis an OPR go nglacfadh an roinn pleanála am chun machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a dtabharfaidh sí faoina hualaí oibre reatha chomh maith le hualaí oibre amach anseo a chomhlíonadh agus a hacmhainneacht a dhaingniú.”

Moltar i dtuarascáil an OPR freisin go gcuirfeadh an Chomhairle leis an gcur chuige réamhghníomhach atá aici cheana féin maidir le tionscadail speisialta trí acmhainní tiomnaithe a chur ar fáil chun tionscadail ghníomhachtaithe láithreáin a chomhordú – moladh atá comhlíonta ó rinneadh an próiseas athbhreithnithe trí fhoireann nua a bhunú a bhfuil sé de chúram uirthi bainistíocht thalaimh ghníomhaíoch a sheachadadh, lena n-áirítear láithreáin thréigthe agus láithreáin fholmha.

Mar fhocal scoir, dúirt an tUasal Cussen:

“Cuirim fáilte mhór roimh an ngealltanas atá tugtha ag Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge na moltaí athbhreithnithe a chur i bhfeidhm, agus tá dul chun cinn á dhéanamh aici ina leith sin cheana féin. Leanfaidh m’oifig ag plé leis an gComhairle d’fhonn monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn agus d’fhonn cabhrú ar bhealach ar bith agus is féidir”.