Cuirtear eolas ar fáil duit san fhógra seo maidir le sonraí pearsanta fút atá á gcoinneáil ag Oifig an Rialaitheora Pleanála (OPR).

Tá meas iomlán ag an OPR ar do cheart ar phríobháideachas. Is leis na caighdeáin slándála agus rúndachta is airde a chaithfear le do shonraí pearsanta, i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus leis an Acht um Chosaint Sonraí 2018 “Reachtaíocht um Chosaint Sonraí”).

Conas mar a úsáidimid do shonraí pearsanta
Teastaíonn ón OPR sonraí pearsanta áirithe a phróiseáil d’fhonn tascanna a dhéanamh atá riachtanach le linn dúinn ár bhfeidhmeanna a chur i gcrích agus chun cloí le roinnt oibleagáidí dlíthiúla a bhfuil an OPR faoina réir.

I measc samplaí de sin, áirítear próiseáil a bhaineann lenár ról mar fhostóir nó sonraí a phróiseáil chun íocaíochtaí a dhéanamh nó iniúchtaí a chur i gcrích; aighneachtaí mar thoradh ar chomhairliúcháin phoiblí a phróiseáil; sonraí pearsanta a phróiseáil le linn teagmháil a dhéanamh le réimse leathan páirtithe leasmhara de chuid an OPR; sonraí a phróiseáil i gcúrsa ghnó an Oireachtais; iarratais agus ceisteanna ginearálta a bhaineann le Saoráil Faisnéise (FOI) agus Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol (AIE) a phróiseáil, iarratais ar fhaisnéis nó gearáin ó chustaiméirí, próiseáil a bhaineann le tógáil i seilbh phoiblí agus comhaontuithe conarthacha le soláthraithe seirbhíse, etc.

Faighteoirí
D’fhéadfaí sonraí pearsanta a roinnt le Ranna Rialtais eile, údaráis áitiúla, gníomhaireachtaí faoi choimirce na Roinne, nó comhlachtaí poiblí eile, i gcúinsí áirithe nuair a fhoráiltear dó sin faoin dlí.

Cá fhad a choinneoimid do chuid sonraí?
Ní choinneoidh an OPR do shonraí pearsanta ach an fhad a bhfuil gá leis chun na críocha ar bailíodh iad agus ar próiseáladh iad ina dhiaidh sin, agus i gcomhréir le ceanglais reachtúla áirithe, nuair is ábhartha. Nuair nach bhfuil na sonraí pearsanta a bhailíomar ag teastáil a thuilleadh, scriosaimid nó bainimid amach iad ar bhealach sábháilte.

Slándáil Sonraí
Tá an OPR dúthrachtach faoi mheas a léiriú ar do phríobháideachas agus é a chosaint agus baineann an OPR feidhm as bearta cuí teicniúla agus eagraíochtúla chun d’fhaisnéis a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe.

Do chearta
Leagtar amach i mBeartas um Chosaint Sonraí an OPR conas mar a úsáidfimid do shonraí pearsanta chomh maith le heolas a chur ar fáil maidir le do chearta mar ábhar sonraí (lena n-áirítear sonraí maidir leis an gceart ar rochtain, an ceart go ndéanfaí ceartúcháin, an ceart go ndéanfaí léirscriosadh, an ceart go gcuirfí srian le próiseáil, an ceart chun agóid a dhéanamh).

Cuir isteach Iarratas Duine ar a Shonraí chun teacht ar chóip de na sonraí pearsanta arna gcoinneáil ag an OPR a bhaineann leat.

Chomh maith leis sin, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh le Coimisinéir Cosanta Sonraí na hÉireann (www.dataprotection.ie (tá an nasc seachtrach))má cheapann tú gur sáraíodh do chearta faoin GDPR, chomh maith leis sin tá sé de cheart agat leigheas breithiúnach a lorg.

Teagmháil a dhéanamh linn
Má tá tuilleadh eolais ag teastáil uait, déan teagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí an OPR, tá sonraí ar fáil thíos:

An tOifigeach Cosanta Sonraí,
Oifig an Rialaitheora Pleanála,
An Ceathrú hUrlár (An Sciathán Thiar)
Teach na Páirce,
Gráinseach Ghormáin,
191-193A An Cuarbhóthar Thuaidh,
Baile Átha Cliath 7
D07 EWV4

Ríomhphost: dataprotection@opr.ie
Teileafón: +353 (0) 553 0270

Fianáin
Ní nochtar aon sonraí pearsanta dúinn maidir le brabhsáil ghinearálta ar an gréasáin, cé go bhfuil roinnt eolais staitistiúil ar fáil dúinn trínár soláthraí seirbhíse idirlín.

Baineann an láithreán gréasáin seo úsáid as teicneolaíocht “fianáin”. Comhaid sonraí bheaga is ea fianáin a chuirtear ar do ríomhaire, do theileafón póca nó gaireas eile nuair a dhéanann tú brabhsáil ar líne.

Go ginearálta, ní choinníonn fianáin sonraí pearsanta trína bhféadfaí tú a aithint, seachas sa chás gur chuir tú faisnéis dá leithéid ar fáil don láithreán gréasáin.

Ceadaíonn an chuid is mó de bhrabhsálaithe duit fianáin a chasadh as nó do shocruithe a chur in oiriúint d’fhianáin. Chun a fháil amach cén chaoi leis sin a dhéanamh, breathnaigh ar an roghchlár ‘Cuidiú’ ar do bhrabhsálaí. Tabhair ar aird nach n-oibreoidh roinnt gnéithe den láithreán gréasáin seo i gceart má chasann tú na fianáin as nó má athraíonn tú do shocruithe.

Úsáid a bhaint as Fianáin agus Google Analytics
Baineann an láithreán gréasáin seo úsáid as Google Analytics, seirbhís anailísíochta gréasáin a chuireann Google, Inc. (“Google”) ar fáil. Baineann Google Analytics úsáid as “fianáin”, ar téacschomhaid iad a chuirtear ar do ríomhaire, chun cuidiú leis an láithreán gréasáin anailís a dhéanamh ar mar a úsáideann daoine an láithreán. Déanfar an fhaisnéis a ghineann an fianán maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin (lena n-áirítear do sheoladh IP) a tharchur chuig Google agus stórálfar é ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe. Bainfidh Google úsáid as an bhfaisnéis chun measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin, chun tuairiscí a chur le chéile d’oibritheoirí gréasáin faoi ghníomhaíocht ar an láithreán gréasáin agus chun seirbhísí eile a chur ar fáil maidir le gníomhaíocht ar an láithreán gréasáin an úsáid idirlín. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh Google an fhaisnéis sin a aistriú chuig tríú páirtithe nuair a éilítear air é a dhéanamh faoin dlí, nó nuair a phróiseálann tríú páirtithe an fhaisnéis thar ceann Google.

Ní cheanglóidh Google do sheoladh IP le haon sonraí eile arna gcoinneáil ag Google. Féadfaidh tú diúltú d’úsáid a bhaint as fianáin trí na socruithe cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí, ach má dhéanann tú sin, tabhair ar aird go bhféadfaí nach mbeidh tú in ann leas a bhaint as feidhmiúlacht iomlán an láithreáin ghréasáin seo. Trí úsáid a bhaint as an láithreán gréasáin seo, tugann tú cead do Google sonraí a bhaineann leat a phróiseáil sa chaoi a leagtar amach thuas agus chun na críocha a leagtar amach thuas.

Our Cookies Name Purpose More information
Google Analytics _ga _gat _gid collect These cookies are used to collect information about how visitors use our site. The cookies collect information in an anonymous form that does not identify a visitor. They provide information regarding the number of visitors to the site, where visitors have come to the site from and the pages they visited. We use this information to compile reports and to help us improve the way our website works, for example by making sure users are finding what they need easily. Click here for an overview of privacy at Google To opt out of being tracked by Google Analytics across all websites visit the Google site