OPR Logo

Tagann an Rialaitheoir agus an Leas-Rialaitheoir os comhair Coiste an Oireachtais

Tháinig an Rialaitheoir Pleanála, Niall Cussen agus an Leas- Rialaitheoir Pleanála, Anne Marie O’Connor os comhair cruinniú an lae inné de Chomhchoiste an Oireachtais um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht.

Deis a bhí sa chruinniú an coiste a chur ar an eolas faoi obair Oifig an Rialaitheora Pleanála beagán de bhreis ar dhá bhliain ó bunaíodh í.

Le linn an chruinnithe, d’ardaigh comhaltaí an choiste sraith de thopaicí amhail treoirlínte tithíochta tuaithe, easnaimh bonneagair, oiliúint do chomhairleoirí, forfheidhmiú agus an buntáiste d’oifig neamhspleách a bheith ann lena chinntiú go leantar treoirlínte náisiúnta pleanála.

Ag labhairt dó faoin gcruinniú, dúirt an Rialaitheoir Pleanála, Niall Cussen; “Is é ár sainchúram mar mhaoirseoir neamhspleách ar mhaoirseoir neamhspleách ar fhorfheidhmiú, ag údaráis áitiúla agus an Bord Pleanála, ar an gcreat rialachais agus beartais don phleanáil atá leagtha síos ag an Oireachtas agus an Rialtas. Mar sin, tá sé ríthábhachtach go gcoinneofar baill an Oireachtais ar an eolas faoin gcaoi ina bhfuilimid ag comhlíonadh na mandáide atá leagtha amach acu dúinn.

Tá sé tairbheach freisin go gcloisfimid ó ionadaithe tofa maidir le fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith acu féin nó ag a dtoghthóirí faoin gcaoi ina bhfuil an córas pleanála ag feidhmiú. Ceann de phríomhróil OPR is ea a chinntiú go n-oibríonn an córas pleanála go cóir agus go héifeachtach ó thaobh an phobail de, mar sin tá caidreamh le hionadaithe poiblí ina ghné thábhachtach de sin.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí as a gceisteanna agus tuairimi tuisceanacha a mbeimid ag tabhairt aghaidh orthu inár n-obair agus táim ag súil le rannpháirtíocht leanúnach sa todhchaí leis an gcoiste.”